Meta tags:
description= Bunachar oifigiúil dátheangach logainmneacha na hÉireann.;
keywords= Éire, logainmneacha, logainmníocht, tíreolaíocht, GIS, An Brainse Logainmneacha, Gaois, Fiontar & Scoil na Gaeilge, DCU;
Headings (most frequently used words):
an, logainm, the, ie, na, heorna, lae, garraí, dubh, garryduff, fáilte, téamaí, faoi, thrácht, ar, suíomh, seo, suíomhanna, gaolta, cnocán, bhácúis, mountoven, hillock, of, oven, bakehouse, 24606, ceapach, ionad, curaíochta, 27806,
Text of the page (most frequently used words):
the (80), #logainm (56), agus (38), gcontae (35), mar (31), logainmneacha (24), sin (24), corn (24), heorna (19), atá (17), seo (15), ainm (15), baile (15), for (14), gur (13), drying (12), gaeilge (11), héireann (11), muileann (11), place (11), singeing (11), chun (10), eile (10), fearainn (10), ach (10), mill (10), burning (10), leis (9), bhfuil (9), town (9), and (9), kiln (9), freisin (8), loiscreán (8), land (8), bakehouse (8), tagairt (7), sna (7), fad (7), mhuilinn (7), milltown (7), eorna (6), normannach (6), bakery (6), bhácúis (6), loiscreáin (6), ann (6), loch (6), garman (6), raibh (6), bhéarla (6), loistreáin (6), bhfocal (5), bhaile (5), chill (5), air (5), hill (5), cosúil (5), stone (5), aon (5), muid (5), féin (5), den (5), áith (5), háithe (5), bunachar (4), 2026 (4), acmhainní (4), tuilleadh (4), thiar (4), talamh (4), ard (4), gceist (4), shampla (4), uíbh (4), áit (4), cnocán (4), chomh (4), céanna (4), cnoc (4), léir (4), aghaidh (4), grán (4), fúca (4), againn (4), nangla (4), field (4), áfach (4), chorcaí (4), linn (4), faoi (4), ainmneacha (4), fios (4), taobh (4), átha (4), aice (4), léiríonn (4), gaois (3), gluais (3), coitianta (3), brabhsáil (3), faoin (3), féach (3), thaobh (3), tíre (3), mhaigh (3), díol (3), ina (3), luaitear (3), gcorcaigh (3), bun (3), nach (3), don (3), fhéidir (3), san (3), 1654 (3), amhail (3), recess (3), cásanna (3), oven (3), níl (3), mountoven (3), cúil (3), tottenhamgreen (3), seilbh (3), iad (3), lch (3), mbailte (3), gurb (3), circular (3), fort (3), mínítear (3), bhfoclóir (3), singed (3), isteach (3), haois (3), bharr (3), maith (3), loistreán (3), irish (3), próiseas (3), arbhair (3), cuireadh (3), scéal (3), ford (3), árann (3), dul (3), lua (3), samplaí (3), cumadh (3), tar (3), éis (3), foirmeacha (3), gcás (3), english (2), nuachtlitir (2), rialtas (2), dcu (2), logainmníochta (2), cuardach (2), eolas (2), suíomh (2), meitheal (2), cartlann (2), chuid (2), ábhar (2), léarscáil (2), conchubhar (2), crualaoich (2), aindí (2), mac (2), giolla (2), chomhghaill (2), tharlaíonn (2), maidir (2), coirce (2), mór (2), focal (2), léiriú (2), bia (2), tagtar (2), trasna (2), dhéanamh (2), níos (2), seachas (2), chéile (2), cloiche (2), aontroma (2), dtír (2), eoghain (2), maolán (2), chás (2), fhoirm (2), mhantáin (2), knocknahorna (2), 27806 (2), ionad (2), curaíochta (2), bailte (2), éirinn (2), béarla (2), ceapach (2), téama (2), míosa (2), thabhairt (2), arán (2), stairiúil (2), bheadh (2), dtugtaí (2), angla (2), james (2), spéise (2), fud (2), nook (2), dara (2), luimnigh (2), chainnigh (2), béarlaithe (2), réasúnta (2), tugann (2), mhíniú (2), míniú (2), hillock (2), fgb (2), bácús (2), 24606 (2), gort (2), civil (2), survey (2), 1641 (2), wexford (2), iontu (2), cleachtas (2), thagann (2), chláir (2), hollow (2), liatroma (2), bleaching (2), green (2), flat (2), flagstone (2), bunainm (2), cén (2), cathair (2), 6836 (2), fire (2), thabharfadh (2), grain (2), duinnínigh (2), burnt (2), ear (2), féidir (2), leagan (2), dheintí (2), thriomú (2), bíodh (2), áireamh (2), oiread (2), dil (2), dheighilt (2), kelly (2), 17ú (2), amhras (2), ibid (2), this (2), that (2), are (2), grains (2), eif (2), early (2), farming (2), chultúr (2), gaelach (2), bhualadh (2), tagairtí (2), mhuineacháin (2), anuas (2), bunús (2), gaillimhe (2), gach (2), sampla (2), anseo (2), dúinn (2), bhfaightear (2), uatha (2), amanna (2), ridge (2), ngall (2), droim (2), hátha (2), amhlaidh (2), contae (2), roinnt (2), níor (2), stop (2), theacht (2), bhí (2), sine (2), dócha (2), gurbh (2), stairiúla (2), gar (2), ballymolyn (2), 1628 (2), chúrsaíocht (2), gcoilíneacht (2), ballymullen (2), fáilte (2), tipperary (2), tiobraid (2), teagmháil, sonraí, réiteach, teicniúil, 2008, uirlis, sluafhoinsithe, mionainmneacha, áitiúla, bhailiú, thaifeadtaí, bhrainse, fuaime, suíomhanna, gaolta, teagaisc, orduithe, rialtais, léarscáileanna, dáileacháin, idirghníomhach, aonaid, gheografacha, riaracháin, wheat, tábhacht, bhíodh, aiste, néireannach, réimsí, thuaidh, dheas, thoir, deacair, réir, amach, mbíodh, saothrú, tréine, mbarr, réigiúin, sligeach, suntais, cuid, mhór, aistriúchán, simplí, chonaill, maigh, fháilí, thalamh, gciarraí, dhíspeagtha, beag, dhá, maol, imeall, starrach, saothraítear, gcill, minic, gcom, logán, com, coomnahorna, corrán, cronyhorn, milleennahorna, millín, meall, maulnahorna, knocknahorn, chnoc, barleyhill, creagán, creggaunnahorna, carraig, carricknahorna, creag, craiginorne, cruithneacht, laoise, cheann, malairt, ochtú, aois, déag, windsor, cappaghnahoran, seachtaine, justin, gliasáin, spreagfaidh, mílisín, seandálaithe, sinsir, athbheochan, seanbhlastúil, deirimid, tarraingteach, shamhlú, próiseáltaí, mheilt, pearsanta, bhunús, mbliain, 1642, brannah, pucksmill, miller, 818, fol, 101v, chóngar, bparóiste, chluain, caoin, ballinvacus, ballinbakehouse, orse, ballenbackhouse, déanaí, 405, 338, 266143, deiridh, iasacht, mbéarla, fáil, ndornán, house, leaganacha, dílis, bunainmneacha, foirme, rinneadh, béarlú, shaghas, gcorca, dhuibhne, tugadh, galánta, foclóir, dhuinnín, thugann, dónaill, pot, aistreodh, muide, fhada, sprioc, dinneen, 27562, tinvaucoosh, tigh, 31135, gortavacoosh, 25504, coolavacoose, cgn, depositions, foulkesmill, bhrí, ceilte, bhéarlóirí, déanach, thagair, mhóir, dála, dtagann, sloinne, fuair, teaghlach, mbaile, ndiaidh, bheith, bronnta, charles, collins, recte, collis, aimsir, chromail, muintir, ffurlong, papist, úinéir, díshealbhaíodh, bhfurlangach, feadh, nglúnta, roimhe, mathew, ffurlonge, ballelostram, 1573, 386, bhunainm, chleachtas, feirmeoireachta, chaibidil, history, county, tottenham, 53425, mountbell, 13661, mórán, eilimint, cinnte, dhóthain, acu, tabhairt, forleathan, tír, cliath, shligigh, láimhe, lea, tsráidbhaile, aitheanta, thugtar, caherlistrane, 21711, 34404, lackalustraun, leac, 45567, toorlestraun, tuar, 29982, lugalustran, log, 16968, ballystrane, knockloskeraun, 6467, knockaluskraun, dhónaill, bread, made, from, ground, oats, lean, 20ú, gceantar, áirithe, chuma, bunaithe, fhoinsí, sean, meán, ghaeilge, measc, mbríonna, off, instead, being, threshed, prepared, cooking, malartach, thuiscint, bharrloscadh, gcaoi, fhéadfadh, quarter, destruction, chur, 18861, carrowlustraun, ceathrú, dictionary, language, pléitear, dias, ngas, dhéanaí, 240, mhíníonn, nós, fós, siúl, thug, gallda, reachtanna, 1634, chosc, athródh, blas, bplúr, thíos, gheall, chailliúint, cuisine, involves, careful, each, glumes, chaff, away, leaving, method, particularly, suitable, small, scale, cereal, growing, has, advantage, partially, dried, flames, mhuilleoireacht, próisis, úsáideadh, sular, chuig, déanfaidh, plé, gairid, aráin, taispeánann, fergus, laistigh, ginearálta, míníonn, easpa, fobhaile, thagraíonn, buailteoirí, leor, see, orthu, little, rock, phort, láirge, gcontaetha, thiobraid, chiarraí, fhéadfaí, sula, mbogfaidh, fiú, ghinideach, ginideach, caighdeánach, ionadh, ndéantar, fhocal, mheascadh, inscne, thuigeann, difear, brí, idir, corner, dirty, coulinaghsalligh, gcéanna, ndún, 16218, druminaw, 14703, drumnaha, 52571, coole, salaigh, 1373986, coolnaha, áithe, 18037, knocknahaw, 24508, knocknahaha, 6967, 47172, gortnahaha, 49837, carrigeenahaha, carraigín, 40480, annahagh, áth, 62914, aughnahoy, 39716, 39292, annahaia, 29747, aghnahaha, achadh, 1410361, thrasherstown, mbuailteoirí, chonaic, thuas, faightear, cháilitheoir, aicmitheoir, phríomheilimint, bhíonn, tosaigh, ghnáth, stick, cudgel, cineál, bata, bridge, dhún, whey, ndóigh, 1600, aistriúcháin, seach, muilleoireacht, deireadh, fhorlámhas, ngael, arundel, tsionóidigh, 9161, arundelsmills, 53657, sinnottsmill, 55717, mullinaveige, mheidhg, 16561, mullandrait, droichid, 1411898, mullinavat, bhata, anois, dheireadh, fómhair, buailte, mithid, bealaí, arbhar, phróiseáil, fhómhair, gcéad, síos, iomarca, béarlaíodh, leithéid, fheictear, fhailí, minice, aistríodh, cheilt, dtugtar, míseal, cheatharlach, ballymollen, 1552, ballyvullen, als, milltowne, 1631, bunfhoirm, tuaim, balleyvollen, 1574, fearna, ballynmollin, 1597, seans, ainmníodh, mblianta, luatha, choilíneacht, cuir, dhroichead, nua, mylton, 1329, bhéarlaithe, mbaineann, ngaeilge, cinn, theanga, phobail, choileáin, mhainistir, thinteirn, tsáile, tagraítear, bhfoinsí, ballywoollen, arís, úsáid, fhorleathan, ansin, 53596, 25811, 52208, 21909, 3301, 31884, ballinvullin, 10197, ballinwillin, 42090, milisín, míosúil, téamaí, thrácht, eolais, arna, fhorbairt, bpáirt, department, rural, community, development, gaeltacht, mbrainse, fiontar, scoil, ardfinnan, fhíonáin, toghroinn, ballybacon, bhéacáin, paróiste, dlí, cahir, cashel, chathair, caiseal, ceantar, bardasach, iffa, offa, west, fhathaidh, barúntacht, garryduff, garraí, dubh, lae, sráidainmneacha, cuardaigh, aimsigh, canúint, dúchas, corpas, téarma, léim, dtí, príomhábhar,
Text of the page (random words):
perary barúntacht uíbh eoghain agus uíbh fhathaidh thiar iffa and offa west ceantar bardasach tiobraid árann an chathair caiseal tipperary cahir cashel paróiste dlí baile uí bhéacáin ballybacon toghroinn ard fhíonáin ardfinnan tuilleadh fáilte fáilte go bunachar logainmneacha na héireann arna fhorbairt ag gaois fiontar scoil na gaeilge dcu i bpáirt leis an mbrainse logainmneacha department of rural and community development and the gaeltacht tuilleadh eolais nuachtlitir téamaí faoi thrácht an milisín míosúil cnocán an bhácúis mountoven the hillock of the oven bakehouse logainm ie 24606 06 10 2026 anois agus mí dheireadh fómhair buailte linn is mithid dúinn aghaidh a thabhairt ar chuid de na bealaí a bhí ann chun arbhar a phróiseáil tar éis an fhómhair sa chultúr gaelach ar an gcéad dul síos tá an iomarca samplaí de baile an mhuilinn the town land of at the mill i logainmneacha na héireann chun iad ar fad a lua anseo in amanna béarlaíodh é mar ballymullen nó a leithéid mar a fheictear in ballymullen logainm ie 42090 i gcontae uíbh fhailí ballinwillin logainm ie 10197 i gcontae chorcaí agus ballinvullin logainm ie 31884 i gcontae luimnigh ach is minice ar fad a aistríodh baile an mhuilinn go milltown sa bhéarla agus bunús gaeilge an logainm faoi cheilt mar shampla i gcás an bhaile fearainn a dtugtar milltown logainm ie 3301 air sa bhéarla in aice le míseal i gcontae cheatharlach léiríonn an tagairt is sine don ainm ballymollen 1552 chomh maith le ballyvullen als milltowne 1631 gur dócha gurbh é baile an mhuilinn the town land of at the mill bunfhoirm an ainm is amhlaidh an scéal i gcás milltown logainm ie 21909 in aice le tuaim i gcontae na gaillimhe balleyvollen 1574 agus milltown logainm ie 52208 in aice le fearna i gcontae loch garman ballynmollin 1597 sna cásanna sin ar fad léiríonn na foirmeacha stairiúla gurbh é baile an mhuilinn an bunainm ar an taobh eile den scéal gach seans gur ainmníodh roinnt samplaí eile de milltown sa bhéarla féin le linn na mblianta luatha den choilíneacht angla normannach cuir i gcás milltown logainm ie 25811 gar do dhroichead nua i gcontae chill dara mar a léiríonn an tagairt is sine den ainm mylton 1329 gur dócha gur sa bhéarla a cumadh an t ainm tugann an fhoirm bhéarlaithe ballymolyn 1628 le fios go raibh an leagan gaeilge baile an mhuilinn sa chúrsaíocht freisin faoin 17ú haois níl aon amhras ach go mbaineann sé sin leis an ngaeilge a theacht chun cinn mar theanga phobail i gcoilíneacht na nangla normannach féin sampla eile atá ar aon dul leis seo is ea milltown logainm ie 53596 gar do bhaile uí choileáin i gcontae loch garman a bhí i seilbh mhainistir thinteirn na nangla normannach i muileann an tsáile tagraítear dó seo i bhfoinsí stairiúla mar ballymolyn 1628 agus ballywoollen 1654 agus arís thabharfadh na foirmeacha sin le fios go raibh baile an mhuilinn sa chúrsaíocht agus dá bharr sin gur léiriú é ar úsáid fhorleathan na gaeilge i gcoilíneacht na nangla normannach ansin freisin mar a chonaic muid thuas faightear muileann mill mar cháilitheoir i logainmneacha amhail baile an mhuilinn the town land of at the mill ach is amhlaidh go bhfaightear é mar aicmitheoir i an phríomheilimint a bhíonn chun tosaigh i logainmneacha gaeilge de ghnáth chomh maith ar na samplaí a léiríonn seo tá muileann an bhata mullinavat the mill of the stick cudgel logainm ie 1411898 i gcontae chill chainnigh ní léir cén cineál bata atá i gceist muileann an droichid mullandrait the mill of at the bridge logainm ie 16561 in contae dhún na ngall agus muileann an mheidhg mullinaveige the mill of the whey logainm ie 55717 i gcontae chill mhantáin ar ndóigh is ann do roinnt logainmneacha a cumadh sa bhéarla leis an bhfocal mill iontu tar éis 1600 amhail sinnottsmill logainm ie 53657 i gcontae loch garman agus arundelsmills logainm ie 9161 i gcontae chorcaí sna cásanna seo is aistriúcháin iad na foirmeacha gaeilge muileann an tsionóidigh agus muileann arundel faoi seach níor cuireadh stop leis an muilleoireacht tar éis deireadh a theacht ar fhorlámhas na ngael in éirinn agus níor cuireadh stop le cumadh na logainmneacha ach an oiread ní hé an mhuilleoireacht téama na míosa seo áfach ach na próisis a úsáideadh chun grán a dheighilt agus a thriomú sa chultúr gaelach sular cuireadh chuig an muileann féin é déanfaidh muid plé gairid ar dhéanamh an aráin freisin ar an ábhar sin taispeánann fergus kelly in early irish farming gur laistigh den áith arbhair féin a dheintí an grán a bhualadh go ginearálta b fhéidir go míníonn sé sin an easpa tagairtí do bhualadh arbhair in ainmneacha na mbailte fearainn is ann d ainm fobhaile i gcontae chorcaí a thagraíonn do na buailteoirí féin is cosúil mar atá baile na mbuailteoirí thrasherstown logainm ie 1410361 ar an taobh eile den scéal tá go leor tagairtí in ainmneacha na mbailte fearainn ar fud na tíre do áith drying kiln for grain see dil ie s v áith mar shampla is é achadh na háithe the field of the kiln atá taobh thiar de aghnahaha logainm ie 29747 i gcontae liatroma annahaia logainm ie 39292 39716 i gcontae mhuineacháin agus aughnahoy logainm ie 62914 i gcontae aontroma anuas orthu sin tá áth na háithe annahagh the ford of at the kiln logainm ie 40480 i gcontae mhuineacháin carraigín na háithe carrigeenahaha the little rock of at the kiln logainm ie 49837 i gcontae phort láirge gort na háithe gortnahaha the field of the kiln i gcontaetha thiobraid árann logainm ie 47172 agus an chláir logainm ie 6967 anuas air sin is é cnoc na háithe the hill of the kiln is bunús le knocknahaha logainm ie 24508 i gcontae chiarraí agus knocknahaw logainm ie 18037 i gcontae na gaillimhe ar aon dul le muileann mill ní fhéadfaí gach sampla de áith kiln sna logainmneacha a lua anseo sula mbogfaidh muid ar aghaidh áfach is fiú dúinn a lua go bhfaightear átha mar ghinideach uatha do áith in amanna cé gurb é áithe an ginideach uatha caighdeánach ní nach ionadh mar sin go ndéantar an dá fhocal sin a mheascadh sna logainmneacha ó am go chéile bíodh sin mar atá is de bharr inscne a thuigeann muid an difear ó thaobh brí de idir cúil na hátha coolnaha the nook recess of at the kiln logainm ie 1373986 i gcontae mhaigh eo agus cúil an átha salaigh coole the recess corner of at the dirty ford logainm ie 52571 i gcontae loch garman coulinaghsalligh 1654 mar an gcéanna do droim na hátha drumnaha the ridge of at the kiln logainm ie 14703 seachas droim an átha druminaw the ridge of at the ford logainm ie 16218 i ndún na ngall pléitear in early irish farming eif próiseas eile chun dias an arbhair a dheighilt ón ngas próiseas ar a dtugtaí loiscreán nó loistreán ní ba dhéanaí eif 240 mar a mhíníonn kelly this involves the careful burning of each ear of corn so that the glumes and chaff are burnt away leaving the grains this method is particularly suitable for small scale cereal growing and has the advantage that the grains are partially dried by the flames ibid is cosúil go raibh an nós seo fós ar siúl isteach sa 17ú haois is a rá gur thug an rialtas gallda reachtanna isteach in 1634 chun é a chosc ibid lch 23 níl aon amhras ach go n athródh an próiseas seo an blas a bheadh ar an bplúr agus b fhéidir gurb í cuisine na héireann atá thíos leis mar gheall ar é a chailliúint mínítear loiscreán i bhfoclóir uí dhónaill mar fire for singeing and singed corn agus luaitear arán loiscreáin bread made from singed and ground oats freisin fgb s vv loiscreán loistreán thabharfadh sé sin le fios gur lean an cleachtas sin ar aghaidh isteach san 20ú haois i gceantar áirithe ar aon chuma in dictionary of the irish language atá bunaithe ar fhoinsí sean agus meán ghaeilge mínítear é mar singed grain dil ie s v loiscreán agus i measc na mbríonna a luaitear leis i bhfoclóir an duinnínigh tá corn burnt off the ear instead of being threshed agus a prepared cooking place or fire for drying corn dá bharr sin ar fad is cosúil gur féidir linn loiscreán nó an leagan malartach loistreán sna logainmneacha a thuiscint mar áit a dheintí grán a bharrloscadh nó a thriomú ar an gcaoi sin d fhéadfadh muid ceathrú an loistreáin carrowlustraun logainm ie 18861 a mhíniú mar the quarter of the place for corn singeing corn drying bíodh sin mar atá mínítear loiscreán mar burning destruction i bhfoclóir an duinnínigh chomh maith agus ní féidir an míniú sin a chur as an áireamh sna logainmneacha ach an oiread cé nach bhfuil mórán ainmneacha bailte fearainn ann a bhfuil loiscreán place for corn singeing corn drying mar eilimint iontu is cinnte go bhfuil a dhóthain acu ann le tabhairt le fios go raibh an cleachtas réasúnta forleathan sa tír is ó cnoc an loiscreáin the hill of the place for corn singeing corn drying the hill of the burning logainm ie 6836 a thagann an dá logainm béarlaithe knockaluskraun logainm ie 6467 and knockloskeraun logainm ie 6836 i gcontae an chláir is cosúil gurb é baile loistreáin town land of the place for corn singeing corn drying town land of the burning atá taobh thiar de ballystrane logainm ie 16968 i gcontae bhaile átha cliath is ó log an loistreáin the hollow of the place for corn singeing corn drying the hollow of the burning a thagann lugalustran logainm ie 29982 i gcontae liatroma agus i gcontae shligigh in aice láimhe tá tuar loistreáin toorlestraun logainm ie 45567 lea field bleaching green of the place for corn singeing corn drying bleaching green of burning tá leac an loistreáin lackalustraun logainm ie 34404 the flat stone flagstone of the place for corn singeing corn drying the flat stone flagstone of the burning againn i gcontae mhaigh eo agus is ó cathair loistreáin logainm ie 21711 circular stone fort of the place for corn singeing corn drying circular stone fort of the burning bunainm gaeilge an tsráidbhaile aitheanta a thugtar caherlistrane air sa bhéarla ní léir cén áit ina raibh an cathair circular stone fort sa chás seo áfach is ann do cnoc an loiscreáin the hill of the place for corn singeing corn drying the hill of the burning logainm ie 13661 eile i gcontae chorcaí a bhfuil a bhrí ceilte ar fad do bhéarlóirí faoin ainm mountbell ainm déanach a thagair d ainm an tí mhóir sa bhaile fearainn is é an dála céanna é ag baile an loiscreáin logainm ie 53425 i gcontae loch garman a dtagann a ainm béarla tottenhamgreen ón sloinne tottenham fuair an teaghlach sin seilbh ar an mbaile fearainn seo i ndiaidh an talamh seo a bheith bronnta ar charles collins recte collis le linn aimsir chromail ba iad muintir james ffurlong ir papist an t úinéir in 1641 civil survey ix wexford lch 87 a díshealbhaíodh is cosúil go raibh sé i seilbh na bhfurlangach ar feadh na nglúnta roimhe sin cf mathew ffurlonge of ballelostram tottenhamgreen 1573 history of the town and county of wexford vi lch 386 ach is léir go bhfuil tagairt againn sa bhunainm gaeilge don chleachtas feirmeoireachta seo atá faoi chaibidil againn baile an loiscreáin the town land of the place for corn singeing corn drying the town land of the burning féach logainmneacha na héireann iv ainmneacha na mbailte fearainn co loch garman bheadh sé tarraingteach a shamhlú go dtugtaí an grán a próiseáltaí in baile an loiscreáin tottenhamgreen go muileann fúca foulkesmill the mill of fúca chun é a mheilt ainm pearsanta de bhunús angla normannach is ea fúca tá tagairt againn ón mbliain 1642 do brannah mc james of pucksmill miller san áit céanna 1641 depositions ms 818 fol 101v díol mór spéise freisin is ea go bhfuil muileann fúca sa chóngar céanna le baile an bhácúis the town land of the bakehouse bakery logainm stairiúil i bparóiste chluain caoin féach ballinvacus civil survey ix 1654 p 90 ballinbakehouse orse ballenbackhouse níos déanaí cgn 405 338 266143 díol spéise an logainm deiridh seo iasacht ón bhfocal bakehouse i mbéarla na nangla normannach is ea bácús atá le fáil i ndornán logainmneacha eile ar fud na tíre amhail cúil an bhácúis coolavacoose the recess nook of the bakehouse bakery logainm ie 25504 i gcontae chill dara gort an bhácúis gortavacoosh the field of the bakehouse bakery logainm ie 31135 i gcontae luimnigh agus tigh an bhácúis tinvaucoosh the house of at the bakehouse bakery logainm ie 27562 i gcontae chill chainnigh sna cásanna sin ar fad tá na leaganacha béarlaithe de na logainmneacha réasúnta dílis do na bunainmneacha gaeilge ó thaobh foirme de ach rinneadh béarlú de shaghas eile ar fad ar cnocán an bhácúis logainm ie 24606 i gcorca dhuibhne gur tugadh an t ainm galánta mountoven air tugann foclóir uí dhuinnín a bakery dinneen s v agus oven mar mhíniú ar bácús áfach agus is é an míniú a thugann ó dónaill air ná bakehouse pot oven fgb mar sin cé gur mar the hillock of the bakehouse bakery a d aistreodh muide é níl mountoven ró fhada ón sprioc b fhéidir go spreagfaidh mílisín na míosa seo na seandálaithe bia chun aghaidh a thabhairt ar an loiscreán agus arán stairiúil ár sinsir a athbheochan agus ní go seanbhlastúil a deirimid é sin conchubhar ó crualaoich aindí mac giolla chomhghaill justin ó gliasáin tuilleadh téama na seachtaine ceapach na heorna ionad curaíochta na heorna logainm ie 27806 05 10 2026 tá cappaghnahoran ceapach na heorna ionad curaíochta na heorna i gcontae laoise ar cheann de na bailte fearainn in éirinn a bhfuil tagairt don eorna ina n ainm is léir gur malairt ainm ón ochtú aois déag atá i gceist leis an logainm béarla windsor mar a tharlaíonn maidir le coirce is coitianta go mór an focal eorna i logainmneacha na héireann ná an focal cruithneacht wheat léiriú ar an tábhacht a bhíodh leis an eorna in aiste bia na néireannach féach logainm ie 27806 ó thaobh réimsí tíre tagtar trasna ar an bhfocal i logainmneacha ó thuaidh ó dheas thiar agus thoir agus is deacair dá réir sin a dhéanamh amach an mbíodh saothrú níos tréine ar an mbarr i réigiúin seachas a chéile tá craiginorne creag na heorna talamh cloiche na heorna i gcontae aontroma carricknahorna carraig na heorna i sligeach agus creggaunnahorna creagán na heorna talamh cloiche na heorna i gcontae mhaigh eo díol suntais mar a tharlaíonn maidir le coirce gur talamh ard atá i gceist le cuid mhór de na logainmneacha ina luaitear eorna mar shampla barleyhill i gcorcaigh aistriúchán simplí ar chnoc na heorna cnoc na heorna is bun freisin le knocknahorn i dtír eoghain knocknahorna i dtír chonaill agus i maigh eo agus cnocán na heorna an bun atá le knocknahorna in uíbh fháilí tagairt do thalamh ard atá freisin i maulnahorna i gcorcaigh agus i gciarraí meall na heorna maolán na heorna an bun sa chás sin agus an fhoirm dhíspeagtha millín na heorna maolán beag na heorna atá i gceist le milleennahorna ainm atá ar dhá bhaile fearainn eile i gcorcaigh is tagairt d áit ard cronyhorn corrán na heorna cnocán maol nó imeall starrach ar a saothraítear eorna i gcill mhantáin ach tagtar trasna ar eorna freisin cé nach chomh minic céanna é i gcom mar shampla coomnahorna com na heorna logán na heorna conchubhar ó crualaoich aindí mac giolla chomhghaill tuilleadh ar an suíomh seo brabhsáil léarscáil idirghníomhach d aonaid gheografacha riaracháin na héireann gluais léarscáileanna dáileacháin na bhfocal coitian...
|